Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá an Ghaill faoi smacht ag arm Iúil Caesar, ach amháin an sráidbhaile ina gcónaíonn Asterix agus a chairde dochloíte. Tagann neart as cuimse iontu nuair a ólann siad an téilicsir a dhéanann Ogamaix, draoi. Faigheann taoiseach céid na Rómhánach amach faoi sin agus ordaíonn dá chuid saighdiúirí an draoi a ghabháil. Ach tá Asterix glic… saorfaidh sé Ogamaix agus fágfaidh sé na Rómhánaigh briste bearrtha.
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!
Úrscéal grafach grinn sa tsraith iomráiteach Asterix. Tá Dándírix, file ón sráidbhaile Gallach, gafa ina phríosúnach ag na Rómhánaigh. Imíonn Asterix agus Obelix ar thuras contúirteach chun é a shábháil. Ach tá Dándírix faoi ghlas sa sorcas mór agus níl aon ní i ndán dó ach troid leis na leoin. Ní éiríonn le hiarrachtaí Asterix agus Obelix go dtí go bhfaigheann siad post a thugann cead isteach sa sorcas dóibh. Samhlaigh an t-iontas a bheidh ar na Rómhánaigh nuair a thiocfaidh Asterix agus Obelix ina láthair agus iad ina ngliairí!